| 1 |
% |
| 2 |
Is fearr rith maith ná droch sheasamh. |
| 3 |
% |
| 4 |
Níl sa saol seo ach ceo is ní bheimíd beo ach seal beag gearr. |
| 5 |
% |
| 6 |
Is túisce a thiteann oíche Fómhair ná cloch í bpoll móna. |
| 7 |
% |
| 8 |
Is éasca caint ná coisíocht. |
| 9 |
% |
| 10 |
Pós bean aniar agus pósfaidh tú thiar. |
| 11 |
% |
| 12 |
Ná biodh tús acharainn agat ná deireadh scéil. |
| 13 |
% |
| 14 |
Pós bean ón sliabh agus pósfaidh tú an sliabh. |
| 15 |
% |
| 16 |
Ní lia duine ná barúil. |
| 17 |
% |
| 18 |
San áit ina mbíonn toit bíonn tine, |
| 19 |
San áit ina mbíonn tine bíonn teas, |
| 20 |
San áit ina mbíonn teas bíonn mná, |
| 21 |
San áit ina mbíonn mná bíonn gab! |
| 22 |
% |
| 23 |
Tús maith leath na hoibre. |
| 24 |
% |
| 25 |
I dtír na ndall, is rí fear an leathsúile. |
| 26 |
% |
| 27 |
'Cad a dhéanfadh mac an chait, ach luch a mharú ! |
| 28 |
% |
| 29 |
Tá mise ceart, bíodh an fheamainn ag an bhfear eile. |
| 30 |
% |
| 31 |
Dá mbeadh cuinneog ag an gcat, ba mhinic a phus féin inti. |
| 32 |
% |
| 33 |
Mura dtaga leat tar leo! |
| 34 |
% |
| 35 |
Is maith an té atá ag tabhairt achasáin uaidh. |
| 36 |
% |
| 37 |
N/il aon tinteán mar do thinteán féin. |
| 38 |
% |
| 39 |
Níl aon tóin tinn mar do thóin tinn fhéin. |
| 40 |
% |
| 41 |
Is fearr stuaim ná neart. |
| 42 |
% |
| 43 |
Is fearr buille a chuireann tú abhaile ná dhá bhuille ar an mbealach. |
| 44 |
% |
| 45 |
Is fearr cara sa chúirt ná punt sa sparán. |
| 46 |
% |
| 47 |
Sioc tús oíche dhíol Fionn na bróga; |
| 48 |
Sioc deireadh oíche cheannaigh sé arís iad. |
| 49 |
% |
| 50 |
Ní thig leat an craiceann is a luach a fháil. |
| 51 |
% |
| 52 |
Is iomaí lá ag an uaigh orainn. |
| 53 |
% |
| 54 |
Naoi n-oiche agus oíche gan áireamh, |
| 55 |
Ó Oíche Shamhna go hOíche Fhéil Mártain. |
| 56 |
% |
| 57 |
Bróga sa chliabhán agus ladhracha sa lathaigh. |
| 58 |
% |
| 59 |
Is treise dúchas ná oiliúint. |
| 60 |
% |
| 61 |
Más mian leat cáineadh pós, |
| 62 |
Más áin leat moladh faigh bás. |
| 63 |
% |
| 64 |
Tóg a bhfaighidh tú is bí ag iarraidh tuilleadh. |
| 65 |
% |
| 66 |
Ní thagann an óige faoi dhó choíche; |
| 67 |
ach tagann an brón faoi dhó san oíche |
| 68 |
% |
| 69 |
Is fearr an tsláinte mhór ná na milte bó. |
| 70 |
% |
| 71 |
Is fearr an tsláinte ná na táinte |
| 72 |
% |
| 73 |
'Sé an dóchas lia gan anró. |
| 74 |
% |
| 75 |
Is fearr socrú dá dhonacht ná dlí dá fheabhas. |
| 76 |
% |
| 77 |
Imigh leis an saol agus tiocfaidh sé thart. |
| 78 |
% |
| 79 |
Nár laga Dia do lámh. |
| 80 |
% |
| 81 |
An rud is annamh is iontach. |
| 82 |
% |
| 83 |
Is í an toírneach a scanríonn ach an tintreach a mharaíonn. |
| 84 |
% |
| 85 |
Ceannigh droch rud is bí gan aon rud. |
| 86 |
% |
| 87 |
Dá mbeinn-se sna flaithis nár bhreá mo scéal, |
| 88 |
I measc na n-aingeal, na n-aspal sna naomh. |
| 89 |
% |
| 90 |
Nár liachtai gráinneacha ghainimh na trá, |
| 91 |
Ná póigíní drúchta ar bharr an fhéir, |
| 92 |
Na beannachta Dé le h-anamacha do Mharbh. |
| 93 |
% |
| 94 |
Is trom an t-ualach an leisce. |
| 95 |
% |
| 96 |
Leisce chun luí agus Leisce chun eirí. [Mallacht Cholmchill ar na Gael.] |
| 97 |
% |
| 98 |
Sin í bhur sláinte a Naoimh na hÉireann, |
| 99 |
Sláinte na n-aingeal is na n-aspal le cheile. |
| 100 |
Sláinte do Phádraig, os é 'bheannaigh Éire. |
| 101 |
% |
| 102 |
Ní fhaigheann lámh iata ach dorn dúnta. |
| 103 |
% |
| 104 |
Is mairg a thréigeann an duine gnáth ar dhuine dhá thráth. |
| 105 |
% |
| 106 |
Galar fada níor inis ariamh bréag. |
| 107 |
% |
| 108 |
D'fhir cogaidh comhaltar síocháin. |
| 109 |
% |
| 110 |
Is mairg a bhíonn go holc agus go bocht ina dhiaidh. |
| 111 |
% |
| 112 |
Mair an capall agus gheobhair féar. |
| 113 |
% |
| 114 |
Ná tarraing an anachain ort mara bhfuil tú i riocht é a chur díot. |
| 115 |
% |
| 116 |
Ná tabhair cúl ar comhairle do leasa. |
| 117 |
% |
| 118 |
Trí thréithe na Féinne: glaine ár gcroí, |
| 119 |
neart ár ngéag is beart de réir ár mbriathar. |
| 120 |
% |
| 121 |
An gad is gaire don scórnach is cóir a scaoileadh i dtosach. |
| 122 |
% |
| 123 |
Ní mairtre go daille. |
| 124 |
% |
| 125 |
Ní bhíonn an rath ach mar a mbíonn an smacht. |
| 126 |
% |
| 127 |
Feileann spallaí do bhallaí chomh maith le clocha móra. |
| 128 |
% |
| 129 |
Go dtuga Dia fairsinge do chroí i gcónaí duit. |
| 130 |
% |
| 131 |
Beireann cú mall ar a chuid. |
| 132 |
% |
| 133 |
Mol an óige agus tiocfaidh sí. |
| 134 |
% |
| 135 |
Is fearr seo dhuit amháin ná dhá gheobhaidh tú. |
| 136 |
% |
| 137 |
Is measa cara fealltach ná namhaid follasach. |
| 138 |
% |
| 139 |
Bíodh dhá abhras ar do choigil agat. |
| 140 |
% |
| 141 |
Trí bhua an duine shona: fál, faire, mochéirí. |
| 142 |
% |
| 143 |
Sonas ort agus séan, is an chuid eile orm féin. |
| 144 |
% |
| 145 |
Is fearr rud maith daor ná droch rud saor. |
| 146 |
% |
| 147 |
Ní raibh 'maith go leor' go maith ariamh. |
| 148 |
% |
| 149 |
'Sí capall na hoibre an bia. |
| 150 |
% |
| 151 |
Is minic a bhí gránna gnaíúil agus dathúil dona. |
| 152 |
% |
| 153 |
Taithí a ghníonn máistreacht |
| 154 |
% |
| 155 |
Sé Dia a rathaíonn. |
| 156 |
% |
| 157 |
Níl breith ar an gcloch a caitear. |
| 158 |
% |
| 159 |
'Gach ré lá ó mó lá-sa amach', adeir Bríd. |
| 160 |
% |
| 161 |
Fáilte duit, a Mhuire mhór, |
| 162 |
A Mhaighdean shíoraí, |
| 163 |
Ár ndídean chóir. |
| 164 |
% |
| 165 |
An rud is gaire don chroí, 'sé is gaire don bhéal. |
| 166 |
% |
| 167 |
Oíche Fhéil Fionáin a chuireann mír ar an bhfuacht. |
| 168 |
% |
| 169 |
Pós bean oileáin is pósfaidh tú an t-oileán ar fad; |
| 170 |
Pós bean as gleann is pósfaidh tú an gleann uilig. |
| 171 |
% |
| 172 |
Ná pós bean gan locht [mar níl a leithéid ann !] |
| 173 |
% |
| 174 |
Is teoide don mbrat [bplaincéad] a dhúbladh |
| 175 |
% |
| 176 |
Seo sláinte na ndaoine a bheidh ag dúbláil a bplaincéad anocht ! |
| 177 |
% |
| 178 |
An té atá caifeach lena óige beidh sé bocht lena aois. |
| 179 |
% |
| 180 |
Is fearr bheith cinnte ná bheith caillte. |
| 181 |
% |
| 182 |
An té atá caifeach lena óige beidh sé bocht lena aois. |
| 183 |
% |
| 184 |
Tá an spáráil chomh maith leis an saothrú. |
| 185 |
% |
| 186 |
An té nach trua leis do chás, ná déan do ghearán leis. |
| 187 |
% |
| 188 |
Tá an dá "b'fhéidir" ann - b'fhéidir go bhfuil agus b'fhéidir |
| 189 |
nach bhfuil. |
| 190 |
% |
| 191 |
Is iomaí lá sa chill orainn. |
| 192 |
% |
| 193 |
Is fearr lúbadh ná briseadh. |
| 194 |
% |
| 195 |
Ní haon mhaith cneasú thar ghoimh. |
| 196 |
% |
| 197 |
Ní rogha go Rí na cruinne. |
| 198 |
% |
| 199 |
Bíonn caora dhubh ar an tréad is gile. |
| 200 |
% |
| 201 |
An rud a scríobhann an púca léann sé féin é. |
| 202 |
% |
| 203 |
Bíonn driopás ar na h-amadáin nuair a bhíonn drugall ar na h-aingil. |
| 204 |
% |
| 205 |
Nollaig bhreá a dhéanann reilig teann. |
| 206 |
% |
| 207 |
Tosnú maith leath na hoibre. |
| 208 |
% |
| 209 |
Coinnigh do shiopa agus coinneoidh an siopa thú. |
| 210 |
% |
| 211 |
Lá 'le Pádraig - Thug Pádraig grian leis agus Mícheál an tsíon. |
| 212 |
% |
| 213 |
Aithnítear cara i gcruatan. |
| 214 |
% |
| 215 |
Binn le neach a mholadh féin. |
| 216 |
% |
| 217 |
Is fearr cara sa chúirt ná punt sa sparán. |
| 218 |
% |
| 219 |
Ar oíche Cinn an Dá Lá Dheáag beidh cuimhne grinn go héag. |
| 220 |
% |
| 221 |
Luímse le Dia is go luí Dia liom, |
| 222 |
Crios Mhuire tharam is mé i suan trom. |
| 223 |
% |
| 224 |
Nuair a fheiceann tú an ghealach dearg, |
| 225 |
Tiocfaidh ar an stoirm fearg. |
| 226 |
% |
| 227 |
aer dearg thoir -- fearthainn agus cur |
| 228 |
aer dearg thiar -- teas agus grian. |
| 229 |
% |
| 230 |
Díogha gach síne sioc ach is measa síor bháisteach. |
| 231 |
% |
| 232 |
Is fearr na bróga a chaitheamh ná na bráillíní. |
| 233 |
% |
| 234 |
Bí go moch in do shuí is go luath in do luí, |
| 235 |
Is ní fada go mbeidh tú chomh saibhhhir le rí. |
| 236 |
% |
| 237 |
Thuas seal, thíos seal, sin mar a bhíonn an saol. |
| 238 |
% |
| 239 |
An té a bhíonn thuas óltar deoch air |
| 240 |
an té a bhíonn thíos buailtear cic air.' |
| 241 |
% |
| 242 |
An bhfacha tú an bacach |
| 243 |
nó an bhfacha tú a mhac? |
| 244 |
Ní fhacha mé an bacach |
| 245 |
is ní fhacha mé a mhac, |
| 246 |
ach dá bhfeicfinnse an bacach |
| 247 |
nó dá bhfeicfinnse a mhac, |
| 248 |
ní bhacfainn leis an bacach |
| 249 |
is ní bhacfain lena mhac! |
| 250 |
% |
| 251 |
An té a fhanann le cóir faigheann sé é. |
| 252 |
% |
| 253 |
Má bhíonn long is lón agat gheobhaidh tú cóir [uair éigin]. |
| 254 |
% |
| 255 |
An té tá tuirseach is furast a leaba a chóiriú. |
| 256 |
% |
| 257 |
Is maith an scathán súil carad. |
| 258 |
% |
| 259 |
An té bhíonn amuigh fuarann a chuid. |
| 260 |
% |
| 261 |
Tagann cothromaíocht síne na huaire |
| 262 |
% |
| 263 |
Is treise Dia ná dóchas. |
| 264 |
% |
| 265 |
An te bhíonn ag magadh bíonn a leath faoi féin. |
| 266 |
% |
| 267 |
Ná déan nós aagus ná bris nós. |
| 268 |
% |
| 269 |
Cailltear bó an tseaca nuair a bhleántar bó an tsneachta. |
| 270 |
% |
| 271 |
Nífhaigheann minic onóir. |
| 272 |
% |
| 273 |
Is minic a bhain duine slat a bhuail é féin. |
| 274 |
% |
| 275 |
Éist mórán agus aithris beagán. |
| 276 |
% |
| 277 |
Ní dheanfadh an saol capall rás d'asal. |
| 278 |
% |
| 279 |
Cuir síoda ar ghabhar is gabhar i gcónaí é. |
| 280 |
% |
| 281 |
Ní maith samhail a theánn í bhfad. |
| 282 |
% |
| 283 |
Thuas atá an chabhair agus anuas atá a haghaidh |
| 284 |
% |
| 285 |
Is maith an tráth dí tart. |
| 286 |
% |
| 287 |
Trí rudaí faoin ól; é ól, é iompar agus é íoc. |
| 288 |
% |
| 289 |
Níl tuile nach dtránn ach tuile na ngrást. |
| 290 |
% |
| 291 |
Is minic a bádh long láimh le cuan. |
| 292 |
% |
| 293 |
Bíonn dhá insint ar gach scéal, |
| 294 |
Agus bíonn dhá leagan déag ar gach amhrán. |
| 295 |
% |
| 296 |
Na Faoillí a mharíonn na caoirigh, Márta a mharíonn daoine. |
| 297 |
% |
| 298 |
Ní bhíonn saoi gan lucht |
| 299 |
% |
| 300 |
Is binn béal ina tost |
| 301 |
% |
| 302 |
Más maith, is mithid |
| 303 |
% |
| 304 |
Aithníonn ciaróg chiaróg eile |
| 305 |
% |
| 306 |
Ritheann an charr|fear|ríomhaire seo ar phoitín |
| 307 |
% |
| 308 |
Labhair Béarla liom agus brisfidh mé do phus |
| 309 |
% |
| 310 |
Scaoil amach an bobailín! |
| 311 |
% |
| 312 |
Is tréise tír ná tiarna. |
| 313 |
% |
| 314 |
Is minic a bhris béal duine a shrón. |
| 315 |
% |
| 316 |
Is minc a bhí cú mall sona. |
| 317 |
% |
| 318 |
Fanann fear sona le séan. |
| 319 |
% |
| 320 |
Giorraíonn beirt bóthar. |
| 321 |
% |
| 322 |
Ní bheathaíonn briathra bráithre. |
| 323 |
% |
| 324 |
Capall na hoibre an bia. |
| 325 |
% |
| 326 |
Is maol gualainn gan dhearthair. |
| 327 |
% |
| 328 |
Is fearr an t-imreas ná an t-uaigneas. |
| 329 |
% |
| 330 |
Ní haitheantas go haontíos. |
| 331 |
% |
| 332 |
Bíonn adharca fada ar na ba thar lear. |
| 333 |
% |
| 334 |
Ní híseal ná huasal, ach thíos seal 's thuas seal. |
| 335 |
% |
| 336 |
Is fearr daibhir sona ná saibhhir dona. |
| 337 |
% |
| 338 |
Ní mar a shíltear bítear. |
| 339 |
% |
| 340 |
Is fearr goradh cúl cos ná fiche bó ar cnoc. |
| 341 |
% |
| 342 |
Sceitheann fíon fírinne. |
| 343 |
% |
| 344 |
Tá Búrcach ar Bhúrcach na luaithrigh, |
| 345 |
ach níl ach Búrcach ar an mBúrcach is uaisle. |
| 346 |
% |