% Is fearr rith maith ná droch sheasamh. % Níl sa saol seo ach ceo is ní bheimíd beo ach seal beag gearr. % Is túisce a thiteann oíche Fómhair ná cloch í bpoll móna. % Is éasca caint ná coisíocht. % Pós bean aniar agus pósfaidh tú thiar. % Ná biodh tús acharainn agat ná deireadh scéil. % Pós bean ón sliabh agus pósfaidh tú an sliabh. % Ní lia duine ná barúil. % San áit ina mbíonn toit bíonn tine, San áit ina mbíonn tine bíonn teas, San áit ina mbíonn teas bíonn mná, San áit ina mbíonn mná bíonn gab! % Tús maith leath na hoibre. % I dtír na ndall, is rí fear an leathsúile. % 'Cad a dhéanfadh mac an chait, ach luch a mharú ! % Tá mise ceart, bíodh an fheamainn ag an bhfear eile. % Dá mbeadh cuinneog ag an gcat, ba mhinic a phus féin inti. % Mura dtaga leat tar leo! % Is maith an té atá ag tabhairt achasáin uaidh. % N/il aon tinteán mar do thinteán féin. % Níl aon tóin tinn mar do thóin tinn fhéin. % Is fearr stuaim ná neart. % Is fearr buille a chuireann tú abhaile ná dhá bhuille ar an mbealach. % Is fearr cara sa chúirt ná punt sa sparán. % Sioc tús oíche dhíol Fionn na bróga; Sioc deireadh oíche cheannaigh sé arís iad. % Ní thig leat an craiceann is a luach a fháil. % Is iomaí lá ag an uaigh orainn. % Naoi n-oiche agus oíche gan áireamh, Ó Oíche Shamhna go hOíche Fhéil Mártain. % Bróga sa chliabhán agus ladhracha sa lathaigh. % Is treise dúchas ná oiliúint. % Más mian leat cáineadh pós, Más áin leat moladh faigh bás. % Tóg a bhfaighidh tú is bí ag iarraidh tuilleadh. % Ní thagann an óige faoi dhó choíche; ach tagann an brón faoi dhó san oíche % Is fearr an tsláinte mhór ná na milte bó. % Is fearr an tsláinte ná na táinte % 'Sé an dóchas lia gan anró. % Is fearr socrú dá dhonacht ná dlí dá fheabhas. % Imigh leis an saol agus tiocfaidh sé thart. % Nár laga Dia do lámh. % An rud is annamh is iontach. % Is í an toírneach a scanríonn ach an tintreach a mharaíonn. % Ceannigh droch rud is bí gan aon rud. % Dá mbeinn-se sna flaithis nár bhreá mo scéal, I measc na n-aingeal, na n-aspal sna naomh. % Nár liachtai gráinneacha ghainimh na trá, Ná póigíní drúchta ar bharr an fhéir, Na beannachta Dé le h-anamacha do Mharbh. % Is trom an t-ualach an leisce. % Leisce chun luí agus Leisce chun eirí. [Mallacht Cholmchill ar na Gael.] % Sin í bhur sláinte a Naoimh na hÉireann, Sláinte na n-aingeal is na n-aspal le cheile. Sláinte do Phádraig, os é 'bheannaigh Éire. % Ní fhaigheann lámh iata ach dorn dúnta. % Is mairg a thréigeann an duine gnáth ar dhuine dhá thráth. % Galar fada níor inis ariamh bréag. % D'fhir cogaidh comhaltar síocháin. % Is mairg a bhíonn go holc agus go bocht ina dhiaidh. % Mair an capall agus gheobhair féar. % Ná tarraing an anachain ort mara bhfuil tú i riocht é a chur díot. % Ná tabhair cúl ar comhairle do leasa. % Trí thréithe na Féinne: glaine ár gcroí, neart ár ngéag is beart de réir ár mbriathar. % An gad is gaire don scórnach is cóir a scaoileadh i dtosach. % Ní mairtre go daille. % Ní bhíonn an rath ach mar a mbíonn an smacht. % Feileann spallaí do bhallaí chomh maith le clocha móra. % Go dtuga Dia fairsinge do chroí i gcónaí duit. % Beireann cú mall ar a chuid. % Mol an óige agus tiocfaidh sí. % Is fearr seo dhuit amháin ná dhá gheobhaidh tú. % Is measa cara fealltach ná namhaid follasach. % Bíodh dhá abhras ar do choigil agat. % Trí bhua an duine shona: fál, faire, mochéirí. % Sonas ort agus séan, is an chuid eile orm féin. % Is fearr rud maith daor ná droch rud saor. % Ní raibh 'maith go leor' go maith ariamh. % 'Sí capall na hoibre an bia. % Is minic a bhí gránna gnaíúil agus dathúil dona. % Taithí a ghníonn máistreacht % Sé Dia a rathaíonn. % Níl breith ar an gcloch a caitear. % 'Gach ré lá ó mó lá-sa amach', adeir Bríd. % Fáilte duit, a Mhuire mhór, A Mhaighdean shíoraí, Ár ndídean chóir. % An rud is gaire don chroí, 'sé is gaire don bhéal. % Oíche Fhéil Fionáin a chuireann mír ar an bhfuacht. % Pós bean oileáin is pósfaidh tú an t-oileán ar fad; Pós bean as gleann is pósfaidh tú an gleann uilig. % Ná pós bean gan locht [mar níl a leithéid ann !] % Is teoide don mbrat [bplaincéad] a dhúbladh % Seo sláinte na ndaoine a bheidh ag dúbláil a bplaincéad anocht ! % An té atá caifeach lena óige beidh sé bocht lena aois. % Is fearr bheith cinnte ná bheith caillte. % An té atá caifeach lena óige beidh sé bocht lena aois. % Tá an spáráil chomh maith leis an saothrú. % An té nach trua leis do chás, ná déan do ghearán leis. % Tá an dá "b'fhéidir" ann - b'fhéidir go bhfuil agus b'fhéidir nach bhfuil. % Is iomaí lá sa chill orainn. % Is fearr lúbadh ná briseadh. % Ní haon mhaith cneasú thar ghoimh. % Ní rogha go Rí na cruinne. % Bíonn caora dhubh ar an tréad is gile. % An rud a scríobhann an púca léann sé féin é. % Bíonn driopás ar na h-amadáin nuair a bhíonn drugall ar na h-aingil. % Nollaig bhreá a dhéanann reilig teann. % Tosnú maith leath na hoibre. % Coinnigh do shiopa agus coinneoidh an siopa thú. % Lá 'le Pádraig - Thug Pádraig grian leis agus Mícheál an tsíon. % Aithnítear cara i gcruatan. % Binn le neach a mholadh féin. % Is fearr cara sa chúirt ná punt sa sparán. % Ar oíche Cinn an Dá Lá Dheáag beidh cuimhne grinn go héag. % Luímse le Dia is go luí Dia liom, Crios Mhuire tharam is mé i suan trom. % Nuair a fheiceann tú an ghealach dearg, Tiocfaidh ar an stoirm fearg. % aer dearg thoir -- fearthainn agus cur aer dearg thiar -- teas agus grian. % Díogha gach síne sioc ach is measa síor bháisteach. % Is fearr na bróga a chaitheamh ná na bráillíní. % Bí go moch in do shuí is go luath in do luí, Is ní fada go mbeidh tú chomh saibhhhir le rí. % Thuas seal, thíos seal, sin mar a bhíonn an saol. % An té a bhíonn thuas óltar deoch air an té a bhíonn thíos buailtear cic air.' % An bhfacha tú an bacach nó an bhfacha tú a mhac? Ní fhacha mé an bacach is ní fhacha mé a mhac, ach dá bhfeicfinnse an bacach nó dá bhfeicfinnse a mhac, ní bhacfainn leis an bacach is ní bhacfain lena mhac! % An té a fhanann le cóir faigheann sé é. % Má bhíonn long is lón agat gheobhaidh tú cóir [uair éigin]. % An té tá tuirseach is furast a leaba a chóiriú. % Is maith an scathán súil carad. % An té bhíonn amuigh fuarann a chuid. % Tagann cothromaíocht síne na huaire % Is treise Dia ná dóchas. % An te bhíonn ag magadh bíonn a leath faoi féin. % Ná déan nós aagus ná bris nós. % Cailltear bó an tseaca nuair a bhleántar bó an tsneachta. % Nífhaigheann minic onóir. % Is minic a bhain duine slat a bhuail é féin. % Éist mórán agus aithris beagán. % Ní dheanfadh an saol capall rás d'asal. % Cuir síoda ar ghabhar is gabhar i gcónaí é. % Ní maith samhail a theánn í bhfad. % Thuas atá an chabhair agus anuas atá a haghaidh % Is maith an tráth dí tart. % Trí rudaí faoin ól; é ól, é iompar agus é íoc. % Níl tuile nach dtránn ach tuile na ngrást. % Is minic a bádh long láimh le cuan. % Bíonn dhá insint ar gach scéal, Agus bíonn dhá leagan déag ar gach amhrán. % Na Faoillí a mharíonn na caoirigh, Márta a mharíonn daoine. % Ní bhíonn saoi gan lucht % Is binn béal ina tost % Más maith, is mithid % Aithníonn ciaróg chiaróg eile % Ritheann an charr|fear|ríomhaire seo ar phoitín % Labhair Béarla liom agus brisfidh mé do phus % Scaoil amach an bobailín! % Is tréise tír ná tiarna. % Is minic a bhris béal duine a shrón. % Is minc a bhí cú mall sona. % Fanann fear sona le séan. % Giorraíonn beirt bóthar. % Ní bheathaíonn briathra bráithre. % Capall na hoibre an bia. % Is maol gualainn gan dhearthair. % Is fearr an t-imreas ná an t-uaigneas. % Ní haitheantas go haontíos. % Bíonn adharca fada ar na ba thar lear. % Ní híseal ná huasal, ach thíos seal 's thuas seal. % Is fearr daibhir sona ná saibhhir dona. % Ní mar a shíltear bítear. % Is fearr goradh cúl cos ná fiche bó ar cnoc. % Sceitheann fíon fírinne. % Tá Búrcach ar Bhúrcach na luaithrigh, ach níl ach Búrcach ar an mBúrcach is uaisle. %